Fáilte go Béal an Phobail: tionscnamh pleanála teanga do Ghaeltacht leithinis Shliabh Liag. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo tacú le labhairt agus le húsáid na Gaeilge in iardheisceart Thír Chonaill, limistéar a bhfuil na paróistí Cill Charthaigh agus Gleann Cholm Cille, agus cuid de pharóiste Ard an Rátha, mar chuid de.
Scéim úr é seo do dhaoine fásta a bhfuil cónaí orthu i nGaeltacht Iardheisceart Thír Chonaill (Gleann Cholm Cille, Cill Chartha agus Ard an Rátha). Tabharfar deis d'fhoghlaimeoirí an Ghaeilge a chleachtadh mar theanga bheo le cainteoir líofa agus iad páirteach i ngníomhaíocht nó caitheamh aimsire. Beidh deontas ar fáil do na rannpháirtithe uilig.
Spriocdháta: 23 Deireadh Fómhair 2020. Féach na sonraí thíos.
Réitíodh Plean Teanga sa bhliain 2018 bunaithe ar thaighde ar dhearcadh agus ar iompar reatha teanga na ndaoine i nGaeltacht leithinis Shliabh Liag. Is í aidhm an phlean seo beartú in éineacht leis an phobal agus leis an earnáil phoiblí sa dóigh go dtreiseofar leis an Ghaeilge mar theanga phobail inár measc. Is é Coiste Stiúrtha Pleanála Teanga Leithinis Shliabh Liag a d'eagraigh agus a d'fhoilsigh an saothar taighde seo in éineacht le pobail Limistéar Pleanála Teanga Dhún na nGall Theas.
Thig an plean a léamh ach cliceáil ar an nasc thíos.